16 go ndéanfadh sé an sanctóir a chreach sé tráth a mhaisiú le togha na n‑ofrálacha; go ndéanfadh sé na soithí beannaithe, gach ceann díobh, a chúiteamh arís agus arís eile; go n‑íocfadh sé costais na n‑íobairtí as a theacht isteach pearsanta féin;
17 agus mar bharr air sin go léir go n‑iompódh sé ina Ghiúdach agus dtabharfadh sé turas ar gach áit ina raibh cónaí ar dhaoine le cumhacht Dé a fhógairt.
18 Ach nuair nach ndeachaigh aon mhaolú ar a phianta de bhrí go raibh breithiúnas Dé ag luí air le lán an chirt, chaill sé gach dóchas ina thaobh féin, agus scríobh sé litir mar leanas chun na nGiúdach i bhfoirm achainí; seo mar a ghabh an litir:
19 Cuireann Aintíochas rí agus ceannasaí a bheannachtaí líonmhara agus a dhea-mhéin dá mbeatha dá sláinte agus dá gconách chuig a shaoránaigh chóra, na Giúdaigh.
20 Má tá sibh féin agus bhur gclann ar fónamh agus bhur gcúraimí ar bhur dtoil agaibh, táim an-sásta. Ós rud é gur as neamh atá mo mhuinín,
21 is cuimhin liom bhur ndea-mheas orm agus bhur ndea-thoil, le gean. Ar mo shlí ar ais ó dhúiche na Peirse bhuail galar gránna mé agus shíl mé nárbh fholáir dom féachaint chun slándáil choiteann cách.
22 Níl aon éadóchas orm faoi mo staid ach mé ag súil leis go láidir go dtiocfaidh mé slán ón ngalar;