19 Cuireann Aintíochas rí agus ceannasaí a bheannachtaí líonmhara agus a dhea-mhéin dá mbeatha dá sláinte agus dá gconách chuig a shaoránaigh chóra, na Giúdaigh.
20 Má tá sibh féin agus bhur gclann ar fónamh agus bhur gcúraimí ar bhur dtoil agaibh, táim an-sásta. Ós rud é gur as neamh atá mo mhuinín,
21 is cuimhin liom bhur ndea-mheas orm agus bhur ndea-thoil, le gean. Ar mo shlí ar ais ó dhúiche na Peirse bhuail galar gránna mé agus shíl mé nárbh fholáir dom féachaint chun slándáil choiteann cách.
22 Níl aon éadóchas orm faoi mo staid ach mé ag súil leis go láidir go dtiocfaidh mé slán ón ngalar;
23 ach rinne mé mo mhachnamh ar conas mar a dhéanadh m'athair comharba air féin a ainmniú nuair a bhíodh sé ar aigne aige feachtas a dhéanamh faoi na hardáin,
24 i dtreo, dá dtarlódh tubaiste éigin gan choinne, nó dá bhfaighfí aon drochscéala, go mbeadh a fhios ag muintir na tíre cé a d'fhágfaí i bhfeighil an rialtais agus nach mbeidís buartha;
25 is maith atá a fhios agam freisin conas mar atá na flatha ar mo theorainn agus comharsana mo ríochta ag faire na faille agus ag feitheamh féachaint cad a tharlódh. Cheap mé mo mhac Aintíochas, dá bhrí sin, ina rí, fear a thaobhaigh mé libh agus a mhol mé do bhur bhformhór go minic agus mé ag cur chun bealaigh chun na gcúigí uachtair; tá cóip de mo litir chuige siúd ag gabháil léi seo.