2 Macabaech 9:2-8 ABN

2 Ghabh sé isteach sa chathair ar a dtugtar Peirsipoil agus rinne sé iarracht ar na teampaill a robáil agus smacht a fháil ar an gcathair. Uime sin ghabh na daoine a n‑airm chucu agus bhrostaigh i gcabhair i dtreo gur bhris na háitritheoirí ar Aintíochas agus gurbh éigean dó teitheadh leis faoi náire.

3 Nuair a shroich sé Eacbatana chuala sé cad a tharla do Niocánór agus do shluaite Thiomóid.

4 Tháinig fraoch feirge air, agus bheartaigh sé go mbainfeadh sé sásamh as na Giúdaigh ar son na hurchóide a rinne an dream a chuir an teitheadh air féin. D'ordaigh sé dá ara dá bhrí sin tiomáint ar aghaidh gan stad nó go gcuirfeadh sé a aistear de. Ach chuaigh breithiúnas neimhe ina choimhdeacht, mar dúirt sé le teann díomais: “Déanfaidh mé ollreilig do na Giúdaigh de Iarúsailéim nuair a shroichfidh mé é.”

5 Ach Dia Iosrael, an Tiarna a fheiceann gach ní, bhuail sé é le buille doleighiste dofheicthe. Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a bhuail pian doleighiste é sa chliabhrach agus a ghabh íona géara é sna hionathair -

6 agus ní raibh ansin ach lán an chirt ina chás siúd mar gurb iomaí slí inar chéas sé cliabhraigh dhaoine eile le pianta aisteacha.

7 Ach níor mhaolaigh sé aon phioc ar a dhíomas, ach bhorr sé le breis uabhair agus bagarthaí bladhmannacha ag teacht as a bhéal le barr feirge leis na Giúdaigh agus é á ordú aige brostú ar aghaidh. Ansin go tobann caitheadh as a charbad é agus é faoi lánsiúl agus bhí an titim chomh crua sin gur chéas sé gach cnámh ina chorp.

8 Ar an gcuma sin an té a mheas le barr díomais mhídhaonna ó chianaibhín go bhféadfadh sé ordú a chur ar thonnta na farraige, agus na sléibhte arda a thomhas i meá, leagadh chun láir agus lántalún é agus bhí sé á iompar ar eileatrom, rud a d'fhógair cumhacht Dé go soiléir do chách,