5 Ach Dia Iosrael, an Tiarna a fheiceann gach ní, bhuail sé é le buille doleighiste dofheicthe. Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a bhuail pian doleighiste é sa chliabhrach agus a ghabh íona géara é sna hionathair -
6 agus ní raibh ansin ach lán an chirt ina chás siúd mar gurb iomaí slí inar chéas sé cliabhraigh dhaoine eile le pianta aisteacha.
7 Ach níor mhaolaigh sé aon phioc ar a dhíomas, ach bhorr sé le breis uabhair agus bagarthaí bladhmannacha ag teacht as a bhéal le barr feirge leis na Giúdaigh agus é á ordú aige brostú ar aghaidh. Ansin go tobann caitheadh as a charbad é agus é faoi lánsiúl agus bhí an titim chomh crua sin gur chéas sé gach cnámh ina chorp.
8 Ar an gcuma sin an té a mheas le barr díomais mhídhaonna ó chianaibhín go bhféadfadh sé ordú a chur ar thonnta na farraige, agus na sléibhte arda a thomhas i meá, leagadh chun láir agus lántalún é agus bhí sé á iompar ar eileatrom, rud a d'fhógair cumhacht Dé go soiléir do chách,
9 sa mhéid go raibh corp an éagráifigh ar snámh le cruimheanna, agus gur lobh a fheoil agus é beo fós á chrá agus á phianadh, agus gur chuir an boladh lofa uaidh déistean ar an arm go léir.
10 An fear a shíl ó chianaibhín go bhféadfadh sé lámh a leagan ar réaltaí na spéire, níorbh fhéidir le haon duine é a iompar anois mar go raibh an boladh uaidh dofhulaingthe.
11 Ansin nuair a bhí a mhisneach teipthe air, chrom sé ar a lán den uabhar a chur de agus thosaigh a chiall ag teacht dó faoi sciúirse Dé mar bhí sé á chiapadh ag pianta gan staonadh.