1 Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d'fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag.
2 Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
3 “Cá has ar tháinig tú?” d'fhiafraigh Dáiví de. “D'éalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé.
4 “Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D'fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”
5 Ansin d'fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?”
6 “Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d'fhreagair an t‑óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian.
7 D'fhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus d'fhreagair mé: ‘Anseo dom.’
8 ‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise.
9 Dúirt sé ansin liom: ‘Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t‑anam ionam ar fad fós.’
10 Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.”
11 Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna.
12 Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.
13 Ansin dúirt Dáiví leis an óglach a thug an scéala chuige: “Cad as duit?” “is mac duine dheoranta, Amailéiceach mé,” ar sé.
14 Dúirt Dáiví: “Conas nárbh eagal leat do lámh a shíneadh chun ungthach an Tiarna a scrios?”
15 Ansin ghlaoigh Dáiví ar dhuine dá shaighdiúirí: “Gabh i leith,” ar sé; “treascair é.” Bhuail agus mharaigh.
16 “Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d'aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’ ”
17 Ansin chaoin Dáiví Sól agus a mhac Iónátán leis an gcaoineadh seo leanas.
18 Dúirt sé é a mhúineadh, dá ghruama é, do chlann Iúdá. Féach, tá sé scríofa i Leabhar na bhFiréan. Mar seo a dúirt sé:
19 “Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar d'ardáin!Cad é mar a d'éag na gaiscígh!
20 Ná hinsigí é i nGatAgus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon.Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach,Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh.
21 A Shléibhte Ghiolboa,Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh.A bhánta fill!Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich.Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,
22 Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch.Níor chas bogha Iónátán ar aisNá níor fhill claíomh Shóil follamh.
23 Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe!Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh!Ba mhire iad ná na hiolair.Ba láidre ná na leoin.
24 A iníonacha Iosrael caoinigí Sól,A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga,A chuir dealga óirAr bhur bhfeisteas.
25 Conas a d'éag na gaiscíghI lár an chatha?A Iónátán, is é do bhás a chloígh mé!
26 Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó.Ba thú mo lao is m'ansacht.Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27 Conas a d'éag na gaiscígh?Conas a theip an trealamh catha?”