2 Samúéil 4 ABN

Maraítear Ís Bál

1 Nuair a chuala Ís Bál, mac Shóil, gur maraíodh Aibnéar i Heabrón, thit an lug ar an lag aige, agus tháinig scéin ar Iosrael go léir.

2 Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;

3 theith muintir Bhaerót go Giotáím agus maireann siad ann ó shin mar áitritheoirí deoranta).

4 Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d'aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D'ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d'fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó.

5 Chuir Raecáb agus Báná, clann Rimeon ó Bhaerót, chun bealaigh. Shroicheadar teach Ís Bál i mbrothall an lae nuair a bhí a chnámha á síneadh aige um mheán lae.

6 Bhí bean an dorais ag cáthadh cruithneachta ach tháinig múisiam codlata uirthi. Shleamhnaigh Raecáb agus Báná a dheartháir thairsti isteach.

7 Isteach leo mar a raibh [Ís Bál] ina luí ar a leaba ina sheomra codlata. Bhuail siad é, agus mharaigh, agus bhain an ceann de. Thugadar leo an ceann agus thaistil siad bealach an Arabá ar feadh na hoíche,

8 agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. “Seo duit,” ar siad leis an rí, “ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d'anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.”

9 Ach d'fhreagair Dáiví Reacáb agus Báná a dheartháir á rá: “Dar an Tiarna beo, a d'fhuascail mé ó gach gábh,

10 an fear a mheas go raibh scéala maith á thabhairt aige chugam, nuair a d'inis sé dom go raibh Sól marbh, rug mé greim air agus mharaigh mé é i Zicleag; sin é an luach saothair a fuair sé ar son a dhea-scéil.

11 Nuair is ropairí a mharaigh fear ionraic ina theach féin, agus é sínte ar a leaba, nach mó go mór atá sé de dhualgas orm éiric a chuid fola a éileamh uaibhse, agus sibh a scrios de chlár na cruinne?”

12 Ansin thug Dáiví ordú dá shaighdiúirí agus chuireadar chun báis iad; ghearradar a lámha agus a gcosa díobh agus chrochadar iad láimh le Linn Heabrón. Thógadar ceann Ís Bál agus rinneadar é a adhlacadh in uaigh Aibnéar i Heabrón.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24