2 Samúéil 7 ABN

Fáistine Nátán

1 A luaithe a bhí an rí socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall,

2 dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”

3 Dúirt Nátán leis an rí: “Imigh agus déan an uile ní is áil le do chroí, óir tá an Tiarna leat.”

4 An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:

5 “Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí?

6 Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth.

7 Le linn mo chuid taistil go léir le pobal uile Iosrael, an ndúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: “Cén fáth nár thóg tú teach céadrais dom?’ ”

8 Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.

9 Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.

10 Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh

11 an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot.

12 Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.

13 (Eisean a thógfaidh teach do m'ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.)

14 Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna.

15 Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat.

16 Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”

17 D'inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.

Urnaí Dháiví

18 Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé?

19 Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia).

20 Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia?

21 Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d'fhoilsigh tú é seo do do shearbhónta.

22 Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.

23 An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal?

24 De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta.

25 Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.

26 Beidh d'ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,

27 ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d'fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat.

28 Sea, a Thiarna Dia, is tusa Dia go deimhin, is fíor iad do bhriathra agus thug tú an gealltanas breá seo do do shearbhónta.

29 Deonaigh, mar sin, teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfidh sé go deo i do láthair, óir is tusa a labhair, a Thiarna Dia, agus le do bheannachtsa beidh teaghlach do shearbhónta beannaithe go deo.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24