2 Samúéil 8 ABN

Cogaí

1 Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad, agus bhain sé [smacht ar an bpríomhchathair] de na Filistínigh.

2 Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.

3 Chloígh Dáiví Hadad Eizir mac Rachob rí Zóbá agus é ar an mbealach ag iarraidh a chumhacht a leathnú thar an Abhainn.

4 Ghabh Dáiví míle seacht gcéad carbadóir agus fiche míle troitheach; ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh.

5 Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá, ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh.

6 Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.

7 Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n‑iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim.

8 Thug Dáiví rí dlús mór cré-umha ó Bheatach agus Baerotaí, bailte le Hadad Eizir.

9 Nuair a chuala Toí rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir go léir,

10 chuir sé a mhac Iórám go dtí Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air; ba namhaid é Hadad Eizir do Thoí. Thug Iórám leis gréithe óir agus airgid agus cré-umha.

11 Rinne Dáiví rí iad seo go léir a choisreacan don Tiarna mar a bhí déanta aige leis an airgead agus leis an ór a bhí faighte aige ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige -

12 Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic - agus ó Hadad Eizir mac Rachob, rí Zóbá.

13 Bhain Dáiví cáil amach dó féin ar an gcuma sin. Ar fhilleadh dó, chloígh sé na hEadómaigh, ocht míle déag díobh, i nGleann an tSalainn.

14 Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.

15 Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.

16 Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina sheanchaí.

17 Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Saráiá ina rúnaí.

18 Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24