4 “Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D'fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”
5 Ansin d'fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?”
6 “Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d'fhreagair an t‑óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian.
7 D'fhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus d'fhreagair mé: ‘Anseo dom.’
8 ‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise.
9 Dúirt sé ansin liom: ‘Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t‑anam ionam ar fad fós.’
10 Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.”