1 Fuair rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin, agus tháinig Hánún a mhac i gcoróin ina dhiaidh.
2 Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh dílis céanna do Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair domsa.” Chuir Dáiví a sheirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a ghabh seirbhísigh Dháiví isteach i dtír na nAmónach,
3 dúirt na taoisigh Amónacha le Hánún a máistir: “An dóigh leat gur d'fhonn onóir a thabhairt do d'athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a spíonadh agus a scrios?”
4 Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad.