6 Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.
7 Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singile agus leis na curaidh.
8 Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach d'fhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire.
9 Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla, thogh sé cuid de rogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.
10 Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí, agus chóirigh iad in aghaidh na nAmónach.
11 Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, cabhraighse liom,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh rothréan duitse, rachaidh mé i gcabhair ortsa.
12 Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”