1 Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach d'fhan Dáiví in Iarúsailéim.
2 Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.
3 Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: “Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.”
4 Ansin sheol Dáiví teachtairí amach lena tabhairt chuige. Tháinig sí chuige agus luigh sé léi; bhí a fuil mhíosta tagtha agus í direach tar éis í féin a ghlanadh. D'imigh sí abhaile arís ansin.
5 Ghabh an bhean gin agus chuir sí scéala chuig Dáiví: “Tá mé ag iompar clainne.”