2 Samúéil 11:10-16 ABN

10 Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: “Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,” a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: “Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?”

11 Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”

12 Dúirt Dáiví ansin le hÚiríá: “Fan anseo inniu chomh maith, agus amárach ligfidh mé chun siúil thú.” D'fhan Úiríá in Iarúsailéim dá bhrí sin, an lá sin, agus lá arna mhárach.

13 Lá arna mhárach thug Dáiví cuireadh do bheith ag ithe agus ag ól ina chuideachta agus chuir sé ar meisce é. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh Úiríá amach agus luigh sé ar a thocht in éineacht le garda cosanta a mháistir; ach ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.

14 An mhaidin ina dhiaidh sin scríobh Dáiví litir chuig Ióáb agus sheol sé le hÚiríá í. Is é a scríobh sa litir:

15 “Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.”

16 Bhí an chathair faoi léigear ag Ióáb, agus chuir sé Úiríá in ionad arbh eol do na fir throda a bheith go fíochmhar.