19 Thug sé an treoir seo don teachtaire: “Nuair a bheidh scéal an chatha ar fad inste agat don rí,
20 má thagann fearg ar an rí, agus go ndeir sé leat: ‘Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach don chathair ag cur an chatha? Nach raibh a fhios agaibh go gcaithfidís libh ó na ballaí?
21 Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?’ abairse ansin: ‘Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.’ ”
22 D'imigh an teachtaire leis, agus ar theacht dó, d'inis sé do Dháiví gach a raibh ordaithe ag Ióáb dó a rá.
23 Dúirt an teachtaire le Dáiví: “Fuair a gcuid fear buntáiste orainn agus thángadar amach inár gcoinne ar an bpáirc, ach thiomáineamar ar gcúl iad go dtí béal an gheata.
24 Ach ansin chrom na saighdiúirí ar chaitheamh le do sheirbhísigh ó na ballaí; cailleadh cuid de sheirbhísigh an rí, agus tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh freisin.”
25 Dúirt Dáiví leis an teachtaire: “Abair é seo le Ióáb: ‘Ná cuireadh an gnó seo buairt ar do chroí, óir slogann an claíomh fear uair, agus fear eile uair eile. Tabhair ruathar níos treise faoin gcathair agus scrios í.’ Tabhair misneach mar sin dó.”