6 Ansin chuir Dáiví teachtaireacht ag triall ar Ióáb. “Seol Úiríá an Hiteach chugam.” Sheol Ióáb Úiríá chuig Dáiví láithreach.
7 Nuair a tháinig Úiríá ina láthair chuir Dáiví tuairisc Ióáb agus an airm agus chúrsaí an chogaidh air.
8 Ansin dúirt Dáiví le hÚiriá: “Gabh síos chun do thí agus bíodh spraoi agat.” D'fhág Úiríá an pálás agus cuireadh bronntanas ón rí ina dhiaidh.
9 Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.
10 Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: “Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,” a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: “Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?”
11 Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”
12 Dúirt Dáiví ansin le hÚiríá: “Fan anseo inniu chomh maith, agus amárach ligfidh mé chun siúil thú.” D'fhan Úiríá in Iarúsailéim dá bhrí sin, an lá sin, agus lá arna mhárach.