1 Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé:“Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin,fear saibhir agus fear bocht.
2 Bhí tréada agus táinte ag an bhfear saibhir, flúirse díobh.
3 Ní raibh ag an bhfear bocht ach uan baineann,aon cheann beag amháin a cheannaigh sé.Bheathaigh sé í agus d'fhás sí suas leis féin agus lena chlann,ag ithe a chuid aráin, ag ól as a chupán,ag codladh ar a bhrollach; ba chuma nó a iníon féin leis í.
4 Nuair a tháinig taistealaí ag lorg lóistín,níorbh áil leis an bhfear saibhiran strainséir a bhí tagtha chuige a chothúas a thréada agus as a tháinte féin,ach ina ionad sin rug sé ar uan an bhochtáinagus d'ullmhaigh é mar bhéile dá chuairteoir.”
5 Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin.
6 Caithfidh sé an t‑uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.”
7 Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “is tusa an fear. Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘D'ungaigh mé thú i do rí ar Iosrael, agus d'fhuascail mé thú as láimh Shóil.