23 Ach anois, ó tá sé marbh, cén fáth a ndéanfainn troscadh? An féidir liom é a thabhairt ar ais arís? Rachaidh mise chuige, ach ní féidir dósan teacht ar ais chugamsa.”
24 Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó,
25 agus d'inis sé é sin trí bhéal Nátán fáidh. Thug sé dá bhrí sin Muirnín an Tiarna air de bharr an Tiarna.
26 Chuir Ióáb cath ar Rabá na nAmónach agus ghabh sé [daingean an uisce].
27 Ansin chuir Ióáb teachtairí go Dáiví agus dúirt: “Rinne mé ruathar ar Rabá agus ghabh mé daingean an uisce.
28 Cruinnigh an chuid eile den arm, más ea, suigh do champa i gcoinne na cathrach, agus tóg í d'fhonn nach ngabhfainnse an chathair agus m'ainm féin a thabhairt uirthi.”
29 Chruinnigh Dáiví an pobal go léir le chéile agus chuaigh go Rabá, agus throid ina coinne agus ghabh í.