1 Mar seo a bhí ina dhiaidh sin. Bhí deirfiúr álainn ag Aibseálóm mac Dháiví darbh ainm Támár. Thit Amnón mac Dháiví i ngrá léi.
2 Bhí Amnón chomh cráite faoina dheirfiúr Támár gur éirigh sé tinn; ba mhaighdean í agus shíl Amnón nárbh fhéidir dó aon ní a dhéanamh léi.
3 Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb.
4 “A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”
5 Dúirt Iónádáb leis: “Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh d'athair ar cuairt chugat abair: ‘Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n‑íosfainn é as a láimh.’ ”