13 Cá rachainn ag iompar m'aithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i d'óinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.”
14 Ach ní éistfeadh sé léi; fuair sé an lámh in uachtar uirthi; d'éignigh sé í, agus luigh léi.
15 Tháinig gráin mhór ag Amnón ansin di; an ghráin a bhí aige di, ba thréine í ná an grá a bhí aige roimhe sin di. Dúirt Amnón léi: “Bí i do shuí agus imigh leat.”
16 “Ní dhéanfaidh mé, a dheartháir,” ar sí, “ba mhó de choir mé a chur chun siúil ná an ceann eile a rinne tú i m'aghaidh.” Ach ní thabharfadh sé cluas di.
17 Ghlaoigh sé ar an óglach a bhí ag freastal air: “Cuir an bhean seo amach as mo radharc uaim,” ar sé, “agus cuir an bolta ar an doras ina diaidh.”
18 (Bhí fallaing le muinchillí fada á caitheamh aici, mar sin é a chaitheadh iníonacha an rí sa seansaol roimh phósadh dóibh.) Chuir an t‑óglach amach í agus chuir an bolta ar an doras ina diaidh.
19 Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus d'imigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di.