20 Dúirt a deartháir Aibseálóm léi: “An raibh do dheartháir Amnón ina luí leat? Socair anois, a dheirfiúr; sé do dheartháir é. Ná cuireadh sé seo buairt ar do chroí.” Ach d'fhan Támár go dubhach brónach i dteach a dearthár, Aibseálóm.
21 Nuair a chuala Dáiví rí an scéal go léir, tháinig an-fhearg air; [ach ní raibh aon fhonn air díobháil a dhéanamh dá mhac Amnón mar go raibh cion aige air; ba é a chéadghin é].
22 Ach ní raibh focal maith ná drochfhocal ag Aibseálóm le hAmnón; mar bhí an ghráin ag Aibseálóm ar Amnón mar gur éignigh sé a dheirfiúr Támár.
23 Dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí a mheitheal bearrthóirí ag Aibseálóm ag Bál Házór atá láimh le hEafráim, thug Aibseálóm cuireadh do chlann mhac an rí go léir.
24 Tháinig Aibseálóm chuig an rí agus dúirt: “Tá an mheitheal bhearrtha ag do shearbhónta; an mbeadh an rí agus a fheidhmeannaigh sásta teacht le do shearbhónta?”
25 D'fhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: “Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n‑ualach ort.” Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis.
26 Lean Aibseálóm air: “Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.” “Cén fáth,” arsa an rí leis, “a rachadh seisean leat?”