26 Lean Aibseálóm air: “Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.” “Cén fáth,” arsa an rí leis, “a rachadh seisean leat?”
27 Ach lean Aibseálóm air ag tathant air go dtí gur lig sé d'Amnón agus do chlann mhac an rí go léir dul leis. D'ullmhaigh Aibseálóm fleá ríoga,
28 agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”
29 Thug giollaí Aibseálóm an íde a d'ordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo.
30 Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: “Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.”
31 D'éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith.
32 Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d'éignigh Amnón a dheirfiúr Támár.