31 D'éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith.
32 Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d'éignigh Amnón a dheirfiúr Támár.
33 Ná bíodh sé á thaibhreamh do mo thiarna an rí go bhfuil clann mhac an rí go léir marbh. Níl marbh ach Amnón amháin.”
34 Agus theith Aibseálóm.D'ardaigh an fear faire a shúile agus chonaic díorma mór chuige le fána bhóthar Bhachúraím. [Tháinig sé lena rá leis an rí: “Chonaic mé fir chugainn le fána bhóthar Bhachúraím] ar thaobh an tsléibhe.”
35 Dúirt Iónádáb leis an rí: “Seo chugainn clann mhac an rí; tá críoch an scéil faoi mar a dúirt do shearbhónta.”
36 Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a tháinig clann mhac an rí agus rinneadar caoineadh agus olagón in ard a ngutha; ghoil an rí agus a fheidhmeannaigh go géar chomh maith.
37 Theith Aibseálóm, ámh, agus tháinig go Talmai, mac Aimíohúd, rí Ghisiúr, agus d'fhan sé ansiúd ar feadh trí bliana.