36 Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a tháinig clann mhac an rí agus rinneadar caoineadh agus olagón in ard a ngutha; ghoil an rí agus a fheidhmeannaigh go géar chomh maith.
37 Theith Aibseálóm, ámh, agus tháinig go Talmai, mac Aimíohúd, rí Ghisiúr, agus d'fhan sé ansiúd ar feadh trí bliana.
38 Bhí an rí ag caoineadh a mhic i gcaitheamh an ama sin go léir.
39 Ní raibh olc ina chroí ag an rí in aghaidh Aibseálóm a thuilleadh nuair a tháinig sé chuige féin tar éis bhás Amnón.