2 Samúéil 13:4-10 ABN

4 “A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”

5 Dúirt Iónádáb leis: “Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh d'athair ar cuairt chugat abair: ‘Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n‑íosfainn é as a láimh.’ ”

6 Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: “Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n‑íosfainn as a láimh.”

7 Chuir Dáiví teachtaireacht go Támár: “Téigh go teach do dhearthár Amnón, agus ullmhaigh bia dó.”

8 Chuaigh Támár dá bhrí sin go teach a dearthár Amnón, mar a raibh sé ina luí. Fuair sí taos, d'fhuin é, agus rinne cácaí os comhair a shúl, agus bhruith sí na cácaí.

9 Ansin thóg sí an t‑oigheann, agus scaoil amach os a chomhair iad, ach dhiúltaigh sé greim a ithe. “Imíodh gach aon duine amach uaim,” arsa Amnón, agus d'imíodar.

10 Ansin dúirt Amnón le Támár: “Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n‑íosfainn as do láimh.” Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh.