17 Go ndéana briathra mo thiarna an rí,’ a dúirt mé liom féin, ‘mé a chur chun suaimhnis. Mar tá mo thiarna an rí ar aon dul le haingeal Dé ag scagadh olc agus maith.’ Go raibh an Tiarna do Dhia leat!”
18 Thug an rí freagra uirthi á rá: “Ná seachain aon cheist atáim a chur chugat, le do thoil.” “Cuireadh mo thiarna an rí a cheist chugam,” ar sí.
19 “Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair an bhean agus dúirt: “Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é d'óglach Ióáb a d'iarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal d'ionailte.
20 D'fhonn athrú treo a chur ar do chúrsaí a rinne do shearbhónta Ióáb mar sin; ach tá eagna mar atá ag aingeal Dé ag mo thiarna; tá fios gach a dtarlaíonn ar talamh aige.”
21 Dúirt an rí le Ióáb ansin: “Ceart go leor! Bíodh d'achainí agat! Imigh agus tabhair leat ar ais an t‑ógánach Aibseálóm!”
22 Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. “A thiarna liom, agus a rí,” arsa Ióáb, “tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a d'iarr a shearbhónta air.”
23 Chuir Ióáb chun bealaigh agus tháinig go Gisiúr agus thug Aibseálóm ar ais go Iarúsailéim.