25 Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise.
26 Nuair a bhearradh sé de a cheann gruaige - rud a dhéanadh sé ag deireadh gach bliana; bhearradh sé ansin é mar go mbíodh sé róthrom dó - mheádh sé an ghruaig, dhá chéad seicil de thomhas an rí.
27 Rugadh triúr mac agus iníon d'Aibseálóm; Támár a b'ainm dá iníon agus ba sciamhach an bhean í.
28 Chaith Aibseálóm dhá bhliain in Iarúsailéim gan teacht i láthair an rí.
29 Ansin chuir Aibseálóm fios ar Ióáb lena thabhairt féin i láthair an rí, ach ní thiocfadh Ióáb chuige. Chuir sé fios air an dara huair, ach ní thiocfadh Ióáb chuige.
30 Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: “Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.” Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine.
31 D'éirigh Ióáb agus d'imigh leis go dtí a theach go hAibseálóm. “Cén fáth,” ar sé, “gur chuir do ghiollaí mo ghort trí thine?”