9 Dúirt an bhean ó Theacóá leis an rí: “A thiarna rí! Go raibh an chiontacht ormsa agus ar mo mhuintir! Go raibh an rí agus a ríchathaoir gan locht!”
10 “Tabhair chugam an fear a rinne bagairt ort,” a dúirt an rí, “agus ní leagfaidh sé lámh go deo arís ort.”
11 Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”
12 Ansin dúirt an bhean: “Lig do d'ionailt rud éigin eile a rá le mo thiarna an rí.” “Lean ort,” ar sé.
13 “Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.
14 Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.
15 Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le d'ionailt: ‘Labhróidh mé leis an rí; b'fhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air.