1 Ina dhiaidh sin fuair Aibseálóm carbad agus eachra agus leathchéad fear le rith roimhe.
2 D'éiríodh Aibseálóm go moch, agus sheasadh sé le taobh bhóthar an gheata. Aon uair a thagadh duine le cúis le cur faoi bhreith an rí, ghlaodh Aibseálóm air agus deireadh: “Cén chathair arb as duit?” D'fhreagraíodh seisean: “As a leithéid seo de threibh in Iosrael do shearbhónta.”
3 Deireadh Aibseálóm leis: “Tá d'éileamh ceart agus cóir, ach níl aon fhear ionaid ceaptha ag an rí le héisteacht leat.”
4 Agus leanadh Aibseálóm air: “Uch nach gceapfaí mé i mo bhreitheamh sa tír! Ansin aon duine a mbeadh cúis nó caingean aige, d'fhéadfadh sé teacht chugamsa agus gheobhadh sé ceart uaim.”
5 Nuair a thagadh duine chuige le hómós a thabhairt dó, shíneadh sé amach a lámh, bheireadh greim air agus phógadh é.
6 Is mar sin a dhéanadh Aibseálóm leis na hIosraelaigh go léir a thagadh chuig an rí ag tagra a gcirt, agus mheall Aibseálóm croí fhir Iosrael ar an tslí sin.
7 Tar éis ceithre bliana dúirt Aibseálóm leis an rí: “Lig dom dul go Heabrón chun an mhóid a thug mé don Tiarna a chomhlíonadh;