12 Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.
13 Tháinig teachtaire chuig Dáiví agus dúirt leis: “Tá lé ag fir Iosrael le hAibseálóm anois.”
14 Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: “As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.”
15 D'fhreagair oifigigh an rí: “Féach, táimidne, do shearbhóntaí, réidh le déanamh de réir cibé ní a bheartóidh mo thiarna, an rí.”
16 D'imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d'fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.
17 D'imigh an rí de chois agus a mhuintir go léir ina dhiaidh agus stad siad ag an teach deiridh.
18 Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.