16 D'imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d'fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.
17 D'imigh an rí de chois agus a mhuintir go léir ina dhiaidh agus stad siad ag an teach deiridh.
18 Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.
19 Dúirt an rí le hIotaí an Giteach: “Cén fáth a bhfuil tusa ag teacht linne? Fill ar ais agus fan in éineacht leis an rí mar is coimhthíoch thú, agus deoraí ó do thír féin chomh maith.
20 Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.”
21 D'fhreagair Iotaí an rí: “Dar an Tiarna beo, agus dar anam mo thiarna an rí, cibé áit ina mbeidh mo thiarna an rí, más beo, más marbh dó, is ann a bheidh do shearbhónta chomh maith.”
22 “Ar aghaidh leat tharainn, más ea,” arsa Dáiví le hIotaí. Ghabh Iotaí an Giteach ar aghaidh lena chuid fear go léir agus na miondaoine go léir a lean é.