22 “Ar aghaidh leat tharainn, más ea,” arsa Dáiví le hIotaí. Ghabh Iotaí an Giteach ar aghaidh lena chuid fear go léir agus na miondaoine go léir a lean é.
23 Rinne an tuath go léir caoineadh agus olagón agus na daoine ag gabháil thar bráid. Sheas an rí i nGleann Chidreon agus mháirseáil na daoine go léir thairis i dtreo an fhásaigh.
24 Bhí Zádóc ansiúd agus na Léivítigh go léir ag iompar áirc chonradh Dé. Leagadar áirc Dé ansiúd ar an talamh os comhair Aibíátár nó gur ghabh an pobal go léir thart amach as an gcathair.
25 Dúirt an rí ansin le Zádóc: “Tabhair áirc Dé ar ais isteach sa chathair. Má fhaighim fabhar i súile an Tiarna, tabharfaidh sé ar ais mé agus tabharfaidh sé radharc arís dom uirthi féin agus ar a háit lonnaithe.
26 Ach má deir sé: ‘Ní gean liom thú,’ seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.”
27 Dúirt an rí le Zádóc an sagart: “Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.
28 Fanfaidh mise i réitigh an fhásaigh go bhfaighidh mé gaoth an fhocail uaibhse.”