26 Ach má deir sé: ‘Ní gean liom thú,’ seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.”
27 Dúirt an rí le Zádóc an sagart: “Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.
28 Fanfaidh mise i réitigh an fhásaigh go bhfaighidh mé gaoth an fhocail uaibhse.”
29 Thug Zádóc agus Aibíátár áirc Dé ar ais go Iarúsailéim agus d'fhanadar ann.
30 Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
31 Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
32 Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.