8 mar nuair a bhí mé i nGisiúr in Arám, thug do shearbhónta an mhóid seo: ‘Má thugann an Tiarna ar ais go Iarúsailéim mé,’ arsa mise, ‘tabharfaidh mé ómós don Tiarna i Heabrón.’ ”
9 Dúirt an rí leis: “Imigh faoi shíocháin!” agus d'imigh sé leis agus tháinig go Heabrón.
10 Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: “A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: ‘Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!’ ”
11 Chuaigh dhá chéad fear le hAibseálóm ó Iarúsailéim; bhí cuireadh acu, agus thángadar gan urchóid ina gcroí ná eolas ar bith acu.
12 Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.
13 Tháinig teachtaire chuig Dáiví agus dúirt leis: “Tá lé ag fir Iosrael le hAibseálóm anois.”
14 Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: “As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.”