1 Nuair a bhí Dáiví imithe tamall gairid thar mhullach an tsléibhe, tháinig Zíbeá, searbhónta Mheirí Bál, ina araicis le dhá asal, diallaití orthu agus ualach orthu de dhá chéad builín aráin, céad crobhaing rísíní, céad de thorthaí an tsamhraidh, agus seithe fíona.
2 Dúirt an rí le Zíbeá: “Cá rachaidh tú leo sin?” D'fhreagair Zíbeá: “Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t‑arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.”
3 “Agus cá bhfuil mac do mháistir?” arsan rí. D'fhreagair Zíbeá an rí: “Féach, d'fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: ‘Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m'athar ar ais dom inniu.’ ”
4 Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”