12 B'fhéidir go mbreathnódh an Tiarna ar [m'anró] agus an mhaith a chur i mo threo in éiric a mhallachta inniu.”
13 Chuir Dáiví agus a chuid fear chun bealaigh mar sin. Ach lean Simeí air ar feadh an tsléibhe ar a aghaidh anonn ag mallachtaigh ar an mbealach agus ag caitheamh cloch agus cré leis.
14 Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd.
15 Tháinig Aibseálóm lena lucht leanúna go léir de chlann Iosrael isteach in Iarúsailéim; bhí Aichítifeil ina theannta.
16 Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: “Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!”
17 Agus dúirt Aibseálóm le Húisí: “An mar sin atá ag do dhílseacht do do chara? Cén fáth nár imigh tú le do chara?”
18 Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: “Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé.