15 Tháinig Aibseálóm lena lucht leanúna go léir de chlann Iosrael isteach in Iarúsailéim; bhí Aichítifeil ina theannta.
16 Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: “Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!”
17 Agus dúirt Aibseálóm le Húisí: “An mar sin atá ag do dhílseacht do do chara? Cén fáth nár imigh tú le do chara?”
18 Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: “Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé.
19 Agus thairis sin, cé dó a ndéanfainn seirbhís? Cé eile ach dá mhac? Déanfaidh mé seirbhís duitse faoi mar a rinne mé do d'athair.”
20 Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: “Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?”
21 Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Luigh leis na leannáin dá chuid a d'fhág d'athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d'athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.”