16 Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: “Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!”
17 Agus dúirt Aibseálóm le Húisí: “An mar sin atá ag do dhílseacht do do chara? Cén fáth nár imigh tú le do chara?”
18 Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: “Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé.
19 Agus thairis sin, cé dó a ndéanfainn seirbhís? Cé eile ach dá mhac? Déanfaidh mé seirbhís duitse faoi mar a rinne mé do d'athair.”
20 Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: “Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?”
21 Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Luigh leis na leannáin dá chuid a d'fhág d'athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d'athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.”
22 Shuíodar both dá bhrí sin d'Aibseálóm ar dhíon an tí agus ghabh Aibseálóm isteach chun leannáin a athar i bhfianaise Iosrael go léir.