4 Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”
5 Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis
6 agus ag caitheamh cloch le Dáiví rí agus lena chuid oifigeach go léir, cé go raibh an t‑arm ar fad agus na gaiscígh uile thart timpeall ar an rí, ar dheis agus ar chlé.
7 Seo mar a bhí sé ag mallachtaigh: “Beir as, beir as, a fhir na fola, a chladhaire!
8 Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.”
9 Dúirt Aibísí mac Zarúá leis an rí: “An bhfuilimid chun ligean don mhadra marbh seo bheith ag mallachtaigh ar mo thiarna, an rí? Lig dom dul anonn agus an ceann a bhaint de.”
10 Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’