1 Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Lig dom dhá mhíle fear a thoghadh agus rachaidh mé sa tóir ar Dháiví anocht féin.
2 Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt,
3 agus tabharfaidh mé an pobal go léir ar ais chugat mar a thiocfadh brídeog abhaile chun a fear céile. Níl tú sa tóir ach ar anam aon duine amháin, agus beidh an chuid eile den phobal faoi shíocháin.”
4 Thaitin an chomhairle sin le hAibseálóm agus le seanóirí Iosrael go léir.