2 Samúéil 17:13-19 ABN

13 Má theitheann sé isteach i gcathair, tabharfaidh Iosrael go léir téada chun na cathrach sin agus déanfaimid í a tharraingt isteach sa ghleann go dtí nach mbeidh oiread agus púróg di le fáil.”

14 Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.

15 Dúirt Húisí leis na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansin: “Thug Aichítifeil a leithéid seo agus a leithéid siúd de chomhairle d'Aibseálóm agus do sheanóirí Iosrael, ach mar seo agus mar siúd a chomhairligh mise dóibh a dhéanamh.

16 Cuirigí scéala go Dáiví gan mhoill dá bhrí sin agus abraigí leis: ‘Ná cuir fút anocht i réitigh an fhásaigh, ach gabh anonn chomh tapa agus is féidir leat nó scriosfar an rí agus an t‑arm go léir in éineacht leis.’ ”

17 Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad.

18 Chonaic ógánach iad ámh agus d'inis an scéal d'Aibseálóm. D'imigh an bheirt leo go tapa agus thángadar go teach fir i mBachúraím; bhí tobar aigesean ina chlós agus síos leo ann.

19 Fuair an bhean brat agus leath sí é ar bhéal an tobair, agus chroith arbhar meilte air gan aon ní a fhágáil le feiceáil.