2 Samúéil 17:16-22 ABN

16 Cuirigí scéala go Dáiví gan mhoill dá bhrí sin agus abraigí leis: ‘Ná cuir fút anocht i réitigh an fhásaigh, ach gabh anonn chomh tapa agus is féidir leat nó scriosfar an rí agus an t‑arm go léir in éineacht leis.’ ”

17 Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad.

18 Chonaic ógánach iad ámh agus d'inis an scéal d'Aibseálóm. D'imigh an bheirt leo go tapa agus thángadar go teach fir i mBachúraím; bhí tobar aigesean ina chlós agus síos leo ann.

19 Fuair an bhean brat agus leath sí é ar bhéal an tobair, agus chroith arbhar meilte air gan aon ní a fhágáil le feiceáil.

20 Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. D'fhreagair an bhean: “D'imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d'fhill siad ar Iarúsailéim.

21 Tar éis dóibh imeacht, tháinig na fir amach as an tobar agus d'imíodar leo le rabhadh don rí Dáiví. “Imigh leat,” ar siad le Dáiví, “agus gabh anonn thar uisce gan mhoill, mar thug Aichítifeil a leithéid seo de chomhairle i do thaobh.”

22 Chuir Dáiví agus a lucht leanúna go léir chun bóthair agus chuadar anonn thar Iordáin; faoi mhaidin ní raibh duine fágtha nach raibh imithe anonn thar Iordáin.