9 Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm.
10 Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é d'athair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta.
11 Sé mo chomhairlese duit: Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba a thionól i do thimpeall, agus iad chomh líonmhar le gaineamh na trá: agus tú féin a dhul chun catha chomh maith.
12 Tiocfaimid air cibé áit ina bhfuil sé le fáil; titfimid sa mhullach air faoi mar a thiteann an drúcht ar an talamh gan eisean ná aon duine ina chuideachta a fhágáil beo.
13 Má theitheann sé isteach i gcathair, tabharfaidh Iosrael go léir téada chun na cathrach sin agus déanfaimid í a tharraingt isteach sa ghleann go dtí nach mbeidh oiread agus púróg di le fáil.”
14 Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.
15 Dúirt Húisí leis na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansin: “Thug Aichítifeil a leithéid seo agus a leithéid siúd de chomhairle d'Aibseálóm agus do sheanóirí Iosrael, ach mar seo agus mar siúd a chomhairligh mise dóibh a dhéanamh.