12 “Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, d'Aibísí agus d'Iotaí: ‘Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.’
13 Ach dá ndéanfainn feall, agus m'anam a chur i mbaol - níl aon ní i bhfolach ar an rí - ní ardófá méar ar mhaithe liom.”
14 Ansin dúirt Ióáb leis: “Ní bheidh mé ag meilt ama mar seo leat,” agus rug sé ar thrí shleá ina láimh agus sháigh sé i gcroí Aibseálóm iad agus é beo fós ansiúd ar an gcrann darach.
15 Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh.
16 Ansin shéid Ióáb an stoc agus d'fhill na saighdiúirí ar ais ón tóir ar Iosrael mar gur choisc Ióáb iad.
17 Thógadar Aibseálóm leo agus chaitheadar síos isteach i bpoll mór san fhoraois é agus thógadar carn mór os a leacht. Agus theith Iosrael go léir, gach duine chun a bhaile féin.
18 Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. “Táim gan mac,” ar sé, “a choimeádfadh cuimhne m'ainm beo.” Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin.