18 Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. “Táim gan mac,” ar sé, “a choimeádfadh cuimhne m'ainm beo.” Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin.
19 Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.”
20 Ach dúirt Ióáb: “Ní bheifeá i do theachtaire dea-scéala inniu; ach beidh tú lá éigin eile; ach ní bheidh dea-scéala agat dó inniu, mar tá mac an rí marbh.”
21 Ansin dúirt Ióáb leis an gCúiseach: “Imigh leat agus inis don rí a bhfaca tú.” D'umhlaigh an Cúiseach do Ióáb agus rith leis.
22 Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: “Cibé a tharlóidh,” ar sé le Ióáb, “caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.” “Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.”
23 “Cibé a tharlóidh,” ar sé, “caithfidh mé rith.” “Rith leat, más ea,” arsa Ióáb. Ansin rith Aichímeáz leis bealach an mhachaire agus fuair sé an tosach ar an gCúiseach.
24 Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó d'fhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin.