2 Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”
3 Ach d'fhreagair na fir: “Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.”
4 Dúirt an rí leo: “Déanfaidh mé mar is fearr is dóigh libh.” Sheas an rí mar sin láimh leis an ngeata nuair a ghluais na saighdiúirí amach ina gcéadta agus ina mílte.
5 Thug an rí ordú do Ióáb, d'Aibísí agus d'Iotaí: “Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.”
6 Ghabh na sluaite amach go páirc an chatha ar an gcuma sin in aghaidh Iosrael agus fearadh an cath i bhForaois Eafráim.
7 Bhris lucht leanúna Dháiví ar arm Iosrael, agus rinneadh ár agus eirleach an lá sin, agus thit fiche míle fear;
8 agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.