24 Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó d'fhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin.
25 Scairt an fear faire agus d'inis sé sin don rí. Dúirt an rí: “Má tá sé leis féin, tá scéala le hinsint aige.” Nuair a dhruid an fear níos cóngaraí fós agus é á bhaint as na bonna,
26 chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: “Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!” D'fhreagair an rí: “Tá scéala aige sin chomh maith.”
27 “Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,” arsan fear faire. “Fear maith eisean,” arsan rí, “agus tá dea-scéala leis.”
28 Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”
29 “An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí. “Nuair a sheol Ióáb uaidh do shearbhónta, chonaic mé círéib mhór, ach níl a fhios agam cad a bhí i gceist.”
30 Dúirt an rí: “Téigh i leataobh agus seas ansin.” Chuaigh sé i leataobh agus d'fhan ina sheasamh.