1 Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: “A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d'áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.”
2 Tugadh scéala chuig Ióáb: “Tá an rí ag caoineadh Aibseálóm agus ag mairgneach faoi.”
3 Agus d'iompaigh bua an lae sin chun dóláis do na saighdiúirí go léir, óir fuair siad amach an lá sin go raibh an rí ag caoineadh a mhic.
4 Agus d'fhill na saighdiúirí abhaile go fáilí an lá sin, mar a dhéanann saighdiúirí le barr náire, nuair a theitheann siad ón gcath.
5 Chuir an rí brat ar a ghnúis agus bhí ag gol go fuíoch: “A Aibseálóm, a mhic liom, a Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom.”
6 Ansin chuaigh Ióáb isteach sa teach chun an rí agus dúirt: “Tá náire shaolta á cur agat ar do shearbhóntaí go léir inniu agus gur shaor siad ón mbás inniu thú féin agus do chlann mhac agus iníonacha, agus do mhná agus do leannáin chomh maith;