10 Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: “D'fhuascail an rí sinn,” a deiridís, “ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm.
11 Agus sin é Aibseálóm, an té a rinneamar a ungadh mar rí orainn, agus é marbh sa chath. Cén fáth, más ea, gan aon ní á rá agaibh faoin rí a thabhairt ar ais?”
12 Nuair a fuair an rí gaoth an fhocail faoina raibh á rá ar fud Iosrael, chuir sé - Dáiví rí - scéala go dtí na sagairt Zádóc agus Aibíátár: “Abraigí le seanóirí Iúdá: ‘Cén fáth gur sibhse a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?
13 Sibhse mo bhráithre, sibhse m'fhuil agus m'fheoil féin; cén fáth, más ea, gur sibh a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?’
14 Agus abraigí le hAmásá chomh maith: ‘Nach tú m'fhuil agus m'fheoil féin? Go ndéana Dia seo agus siúd eile liom mura tú a bheidh mar cheann feadhna agam as seo amach in áit Ióáb.’ ”
15 Agus mheall sé chuige croí fhir Iúdá go léir, agus iad ar aon aigne; chuireadar teachtaireacht go dtí an rí á rá: “Fill ar ais, thú féin agus do shearbhóntaí go léir.”
16 D'fhill an rí ar ais dá bhrí sin go dtí an Iordáin. Agus tháinig Iúdá go Gilgeál le bualadh leis an rí chun é a thionlacan anall thar Iordáin.