17 Bhrostaigh Simeí mac Ghéará an Biniáimineach ó Bhachúraím anuas le fir Iúdá le bualadh le Dáiví rí.
18 Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí,
19 agus rinne siad cion fir ag iompar teaghlach an rí anall thar áth, agus ag déanamh cibé rud ba mhian leis. Ag gabháil thar Iordáin don rí, chaith Simeí mac Ghéara é féin ag a chosa
20 agus dúirt leis an rí: “Ná cuireadh mo thiarna éagóir i mo leith; ná cuimhnigh ar an gcoir a rinne do shearbhónta an lá a d'fhág mo thiarna an rí Iarúsailéim. Caitheadh an rí as a aigne í.
21 Óir is eol do do shearbhónta gur pheacaigh sé; seo anseo mé dá réir sin inniu, ar an gcéad duine de theaghlach Iósaef ar fad ag teacht anuas agus ag bualadh le mo thiarna an rí.”
22 Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: “Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?”
23 “Céard é seo atá eadrainn, a mhaca Zarúá,” arsa Dáiví, “a rá is go mbeadh sibh inniu mar namhaid agam? Arbh fhéidir aon duine a chur chun báis in Iosrael ar a leithéid seo de lá? Nach inniu is eol dom go dearfa gur rí mé ar Iosrael?”