2 Tugadh scéala chuig Ióáb: “Tá an rí ag caoineadh Aibseálóm agus ag mairgneach faoi.”
3 Agus d'iompaigh bua an lae sin chun dóláis do na saighdiúirí go léir, óir fuair siad amach an lá sin go raibh an rí ag caoineadh a mhic.
4 Agus d'fhill na saighdiúirí abhaile go fáilí an lá sin, mar a dhéanann saighdiúirí le barr náire, nuair a theitheann siad ón gcath.
5 Chuir an rí brat ar a ghnúis agus bhí ag gol go fuíoch: “A Aibseálóm, a mhic liom, a Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom.”
6 Ansin chuaigh Ióáb isteach sa teach chun an rí agus dúirt: “Tá náire shaolta á cur agat ar do shearbhóntaí go léir inniu agus gur shaor siad ón mbás inniu thú féin agus do chlann mhac agus iníonacha, agus do mhná agus do leannáin chomh maith;
7 óir tugann tú grá don mhuintir a thugann fuath duit, agus fuath don mhuintir a thugann grá duit. Thaispeain tú inniu gur bheag é do mheas ar cheannairí nó ar shearbhóntaí; mar is léir dom anois dá mbeadh Aibseálóm beo inniu agus sinn uile marbh, go mbeifeá sásta.
8 Bí i do shuí, más ea, agus bí amuigh agus tabhair misneach do do shaighdiúirí; mar mura ndéanann tú, tugaim an leabhar dar an Tiarna nach bhfanfaidh fear farat anocht. Agus is measa a rachaidh sin de thubaiste duit ná gach ar tháinig sa mhullach ort ó d'óige go dtí seo.”